Lyrics

'Gabháil síos a' gleann dom i measc na gcrann Go dtí an chathair aoibhinn shuairc Bhí na slóite teann fána mílte lann A' teacht aníos gan ghruaim Ní raibh crónán caoin as béalaibh píob Ná drumaí a' tógáil gleo Ach an clog go binn a' cur fáilte bhinn Roimh an aingeal sa drúcht geal ceo. Chroch siad in airde a mbrat go hard Os cionn Chaisleán Bhaile Átha Cliath Níor ní leo bás 'fháil ag Sud-El-Bar Agus Éire ina ndiaidh i bpian. Is ó lár na Mí sea ghluais an scaoth De laochra líofa beo Agus slóite Gall a' bailiú 'nall A gcuid gunnaí sa drúcht geal ceo. Ar shiúl mar chadhain, mo chreach is mo léan Tá na céadta curadh cruaidh Tá a gcnámha sínte ag Suvla an tsín Nó fá chósta na mara thuaidh Dá bhfaigheadh siad bás sa bhaile ar láimh Leis an Phiarsach tá inniu sa ghlóir Bheadh a n-uaigh faoin tsliabh i measc na bhFiann Mar a dtiteann an drúcht geal ceo. Siad plúr na laoch a thit faraor I mbriseadh cruaidh na Cásc' Agus d'fhág siad sinn go cráite tinn Ag éagaoin fána mbás Is bhí súile an tsaoil a' breathnú an ghnímh A rinne clanna Gael sa ghleo Na leoin a d'éag le solas gléigeal Na saoirse sa drúcht geal ceo. Phill mé aníos fán ghleann arís Is mo chroí bocht lán de bhrón Is mé scartha chóich' le plúr na laoch Nach bhfeicfinn arís níos mó. Is i lár na hóich' sea bhímse ag guí Le bhur gcónaí bheith sa ghlóir Nó ruaig sibh na tráill, a fheara Fáil Nuair a thit sibh sa drúcht geal ceo.
Writer(s): Arr. Gráinne Holland, Traditional Lyrics powered by www.musixmatch.com
instagramSharePathic_arrow_out