Στίχοι

Maidin moch do ghabhas amach Ar bhruach Locha Léin An samhradh teacht 's an chraoibh len ais Is lonnrach te ón ngréin Ar theastal dom trí bhailte poirt Is bánta mine réidhe Cé gheobhainn le mais ach an chúilfhionn deas Le fáinne geal an lae. Ni raibh bróg na stoca, cadhp ná clóc Ar mo stóirin óg ón speir Ach folt fionn órga sios go troigh Ag fás go barr an fhéir Bhi calán crúite aici ina glaic 'S ar dhrúcht ba dheas a scéimh Do rug barr gean ar véineas deas Le fáinne geal an lae. Do shuig an bhrideog síos le m'ais Ar bhrinse ghlas den fhéir Ag magadh léi bhios dá maoibh go pras Mar mhnaoí ná scarfainn riamh léi 'Sé duirt si liom "imigh uaim, is scaoil ar siúl me a réic", Sin iad aneas na soilse a' teacht Le fáinne geal an lae.
Writer(s): Iarla O'lionaird Lyrics powered by www.musixmatch.com
instagramSharePathic_arrow_out