Video musical

Incluido en

Créditos

COMPOSITION & LYRICS
Muireann Nic Amhlaoibh
Muireann Nic Amhlaoibh
Songwriter

Letra

Chorus: Seoithín seothó, mo stór é mo leanabh Mo sheod gan chealg, mo chuid den tsaol mór Seoithín seothó, nach mór é an taitneamh Mo stóirín ina leaba ina chodladh gan bhrón A leanbh, mo chléibh, go n-éirí do chodladh leat Slán agus sonas a choíche 'do chomhair Seo beannacht Mhic Dé agus téagar a Bhuime leat Téiríg a chodladh gan bíogadh go ló Ar mhullach an tí tá síoga geala Fá chaoin ré an earraigh ag imirt a spóirt Is seo iad aniar chun glaoigh ar mo leanbh Le mian é tharraingt isteach sa lios mór Goirm tú, a chroí, ní bhfaighfidh siad do mhealladh Le brí a gcleas ná le binneas a gceoil Táimse led' thaoibh ag guí ort na mbeannacht Seoithín, a leanbh, ní himtheo' tú leo (Chorus) Ós comhair mo lao, go míochair ceanúil Tá díl-roisc aingeal ag faire ina threo Le mór-ghrá dian á iarraidh chun bealaigh Mar b'aoibhne flaithis dá raghadh sé leo A stór mo chroí, luigh siar i do leaba Taobh le do Mham is ea fanfair go fóill Ní mór liom do Dhia mo shiamsa 'gus m'aiteas Mo riocht ar talamh i dteannta mo bhróid Seoithín seothó, mo stór é mo leanabh Mo sheod gan chealg, mo chuid den tsaol mór Seoithín seothó, nach mór é an taitneamh Mo stóirín ina leaba ina chodladh gan bhrón
Writer(s): Traditional, Jill Rogoff Lyrics powered by www.musixmatch.com
instagramSharePathic_arrow_out