Paroles

Sé mo laoch mo Ghile Mear 'Sé mo Chaesar, Ghile Mear, Suan ná séan ní bhfuaireas féin Ó chuaigh i gcéin mo Ghile Mear. Bímse buan ar buairt gach ló, Ag caoi go cruaidh 's ag tuar na ndeor Mar scaoileadh uaim an buachaill beo 'S ná ríomhtar tuairisc uaidh, mo bhrón. Sé mo laoch mo Ghile Mear 'Sé mo Chaesar, Ghile Mear, Suan ná séan ní bhfuaireas féin Ó chuaigh i gcéin mo Ghile Mear. Seinntear stair ar chlairsigh cheoil 'S líontair táinte cárt ar bord Le hinntinn ard gan chaim, gan cheó Chun saoghal is sláinte d' fhagháil dom leómhan. Sé mo laoch mo Ghile Mear 'Sé mo Chaesar, Ghile Mear, Suan ná séan ní bhfuaireas féin Ó chuaigh i gcéin mo Ghile Mear.
Writer(s): Paddy Moloney, Sean Macreamoinn Lyrics powered by www.musixmatch.com
instagramSharePathic_arrow_out