Lyrics

Tá blian nó níos mó 'gam ag éisteacht Le cogar doilíosach mo mheoin Ó casadh liom grá geal mo chléibhe Tráthnóna brea gréine san fhómhar Bhí an bhó bhainne chumhra ag géimneach Is na h-éanlaith go meidhreach ag ceol Is ar bhruach an tsruthán ar leathaobh dhom Bhí cailín deas crúite na mbó Tá a súile mar lonradh na gréine Ag scaipeadh trí spéartha gan cheo,'s is deirge a grua ná na caora Ar lasadh measc craobha na gcnó Tá a béilin níos mílse na sméara,'s is gile ná leamhnacht a snó Níl ógbhean níos deise san saol seo Ná cailín deas crúite na mbó Dá bhfaighinnse árd Tiarnas na h Éireann Éadacha, síoda is sróil Dá bhfaighinnse an bhanríon is airde Dá bhfuil ar an dtalamh so beo Dá bhfaighinnse céad loingis mar spré dhom Píoláidi, caisleáin is ór Bfhearr liom bheith fán ar na sléibhte Lem chailín deas crúite na mbó Muna bhfuil sé i ndán dom bheith in éineacht Leis an spéirbhean ró-dhílis úd fós Is daoirseach, dubhrónach mo shaolsa Gan suaimhneas, gan éifeacht, gan treo Ní bheidh sólás im chroí ná im intinn Ná suaimhneas orm oíche ná ló Nó bhfeice mé taobh liom óna muintir Mo cailín deas crúite na mbó
Writer(s): Pauline Scanlon, John Reynolds, Aileesh Kennedy, Donough Hennessy Lyrics powered by www.musixmatch.com
instagramSharePathic_arrow_out