Lyrics

Is fada liom uaim í ar uaigneas gach baile a mbíonn sí Is le gach ógánach suairc a ghluaisfeadh in aice na dí Dá dtigtheása anuas ar chuairt fá bharra na gcraobh Le goirm na gcuach go ngluaisfinn leatsa mar mhnaoi A Mhalaidh, a chéadsearc, ná tréig thusa mise go brách Is go bhfuil in do dhiaidh gach aon lá fá mhallaigh na n-ard Is tú cruithneacht ar mhnáibh Éireann, is tú b'fhéile dar ghlac ariamh lámh Is dar mionna mo bhéil, ní bréag a bhfuil mé is tú a rá Is a Mhalaidh mo ró-ghrá atá an t-órfholt snoite glan réidh Cum cailce atá ró-dheas a chuirfeadh bród ar fhearaibh an tsaoil Béilin meala mar na rósaí, súil mhódhmhar ghorm gan chlaon Is i gcoillídh ag buain chnónna, sé mo bhrón gan Malaidh agus mé
Writer(s): Triona Ni Dhomhnaill, Donal Lunny, Maigread Maire Padraigin Ni Domnaill Lyrics powered by www.musixmatch.com
instagramSharePathic_arrow_out